Skip to main content
  • Technik
  • Technik

Is ríthábhachtach an rud é an teicneolaíocht cheart

Ní call a rá beagnach go bhfuil an stór focal riachtanach teicniúil againn mar aon le tuiscint ghéar ar chomhthéacsanna teicniúla. Nuair a dhéanaimid aistriúchán ar do chuid doiciméadaithe agus cabhrach feidhmchláir is iad na cáilíochtaí seo a úsáidtear mar bhonn teicniúil.

Buíochas lenár n-uirlisí ceannródaíocha aistriúcháin agus logánaithe bhogearraí, cinntítear go mbíonn comhpháirteanna uile an tionscadail i gcomhréir lena chéile.

Ar mhaith leat eolas a fháil faoi na buntáistí a bhaineann leis an teicneolaíocht seo? Cuir ceist orainn!

Seirbhísí teicniúla agus seirbhísí atá bainteach le haistriúchán :

Cuimhní aistriúcháin

Bainimid úsáid as an gcóras cuimhne aistriúcháin a roghnaíonn tú, SDL Trados mar shampla. Sábháiltear an buntéacs mar aon leis an aistriúchán comhfhreagrach i mbunachar sonraí an chórais, rud a chiallaíonn gur féidir linn comparáid a dhéanamh lom láithreach idir bhuntéacsanna nua agus na haistriúcháin atá stóráilte sa chóras. Córas ar líne atá i gceist a ritheann ar fhreastalaí, rud a cheadaíonn d'iliomad aistritheoirí - idir aistritheoirí seachtracha agus aistritheoirí inmheánacha - obair a dhéanamh go comhuaineach ar chomhaid thionscadail, úsáid a bhaint as aistriúcháin atá ann cheana féin agus cinn nua a chur leo.

Logánú bogearraí

Uirlis is ea SDL Passolo a chloíonn le caighdeán an tionscail agus a sholáthraíonn feidhmeanna comhtháite tástála agus comhéadain chuig cuimhní aistriúcháin, mar aon le feidhmeanna aistriúcháin. Tacaíonn Passolo le gach uile fhormáid comhaid. Luathaíonn agus simplíonn sé próisis theicniúla logánaithe fosta. Táimid breá sásta d'iarratais a chur san áireamh agus uirlis aistriúcháin á roghnú.

Athrú mhéid na mbogearraí

Is annamh a bhíonn an téacs aistrithe ar aon fhad leis an mbuntéacs. Déanaimid fad na rialaithe a oiriúnú do na hábhair le cinntiú gur féidir an téacs iomlán a fheiceáil sna bogearraí logánaithe.

Tástáil bogearraí agus tiomsú cabhrach ar líne

A luaithe a chríochnaítear an t-aistriúchán, déanaimid na bogearraí a thástáil le cinntiú nach bhfuil earráidí sa téacs agus nach dtugann na bogearraí aistriú i do cheann – agus go bhfuil siad ag obair i gceart. Tiomsaímid cabhair ar líne agus tástálaimid an t-ábhar agus na feidhmeanna. Ina dhiaidh sin is uile, ní thugtar cabhair do dhaoine i ndáiríre ach amháin nuair a bhíonn cur síos cruinn déanta ar na bogearraí.

Foilsitheoireacht deisce

Táimid breá sásta doiciméadú aistrithe a chur ar ais chugat san fhormáid chéanna a bhí ar an mbuntéacs. Ar ndóigh, déanaimid leagan amach an bhuntéacs a oiriúnú d'fhad an spriocthéacs. Is féidir leat iarraidh orainn fosta do dhoiciméadú a chur ar fáil i bhformáid inphriontáilte.

Próiseáil grafaicí agus gabhálacha scáileáin

Déanaimid aistriúchán ar ábhair ghrafaicí agus léaráidí agus oiriúnaímid an leagan amach bunaithe ar fhad an téacs sa sprioctheanga. Má tá gabhálacha scáileáin den fheidhmchlár sa doiciméadú, cruthóimid leaganacha logánaithe sa sprioctheanga ag úsáid na mbogearraí agus iad á rith.

Seichimh fhíseáin agus fhuaime

Déanaimid aistriú fosta ar sheichimh fhíseáin agus fhuaime. Chun é seo a dhéanamh, ní mór dúinn tréithe an fhocail labhartha a chur san áireamh. Má tá comhpháirtí uait i gcomhair táirgeadh físeáin nó fuaime, bheimis breá sásta cabhrú leat. Déanaimid aistriú fosta ar sheichimh fhíseáin agus fhuaime. Chun é seo a dhéanamh, ní mór dúinn tréithe an fhocail labhartha a chur san áireamh. Má tá comhpháirtí uait i gcomhair táirgeadh físeáin nó fuaime, bheimis breá sásta cabhrú leat.