Skip to main content
  • @transcript
  • @transcript
  • @transcript
  • @transcript
  • @transcript

Ní thaitníonn brilléis linn ar chor ar bith

Ní rud éasca é bogearraí a logánú agus téacsanna tráchtála agus eacnamaíocha a aistriú. Tá obair á déanamh sa réimse seo le blianta fada anuas ag @transcript, cuideachta atá ar úinéireacht ag aistritheoirí.

Bunaíodh @transcript i gCologne na Gearmáine sa bhliain 1998, nuair a tháinig foireann bheag aistritheoirí speisialaithe le chéile a raibh iarchéimeanna san aistriúchán bainte amach acu. Bunfhoireann de dheichniúr aistritheoir teicniúil, ionadaithe seirbhíse do chustaiméirí, bainisteoirí tionscadail agus speisialtóirí TF atá ann inniu. Cabhraíonn líonra aistritheoirí ar fud an domhain linn, a aistríonn go dtí a dteanga dhúchais féin, idir jabanna beaga agus thionscadail mhóra a mbíonn na milliúin focal i gceist iontu.

Is féidir linn foireann bheag aistritheoirí a chur ag obair ar do thionscadail nó foireann aistritheoirí níos mó más gá.

Conas is féidir linn cabhrú leat? Cuir glaoch orainn nó cuir r-phost chugainn!